
Cruthaitheacht Cois Farraige
Bígí linn do Turas Úr, imeacht ealaíon agus cultúir dátheangach, fíoruathúil, a cheiliúrann traidisiúin shaibhir agus cruthaitheacht bheoga na Gaeltachta. Ar siúl ar oileán stairiúil agus cultúrtha Inis Bó Finne, beidh an t-imeacht aon-lae seo ag cur buanna áitiúla agus ealaíontóirí cuíll i láthair trí chlár bríomhar ina mbeidh ealaín amhairc, filíocht, ceol agus gníomhú pobail—gach rud fréamhaithe i dteanga, oidhreacht agus tírdhreach an oileáin.
Buaicphointí an Imeachta:
🌿Cosán Ealaíne an Oileáin
Siúil trí ghailearaí faoin aer lán le dealbhóireacht shealadach, fuaimdhreacha agus saothair suiteála spreagtha ag áilleacht nádúrtha Inis Bó Finne. Beidh ealaíontóirí ón nGaeltacht agus ó cheantair eile páirteach ann, agus beidh gach saothar curtha i láthair ar bhealach atá measúil don timpeallacht, gan rian a fhágáil ina ndiaidh.
📖Gairm Oscailte Filíochta & Taibhléirithe
Roghnaítear triúr file — áitiúil agus náisiúnta — chun saothair úrnua a chruthú spreagtha ag an oileán, a bheidh le taibhiú beo i rith an imeachta. Cuirtear clár na filíochta le chéile le tacaíocht agus moltaí ón bpobal áitiúil, ag tabhairt ardáin do scéalaíocht dhílis agus do mhachnamh cruthaitheach.
🏡 Cónaitheacht Ealaíontóra
Tabharfaidh cónaitheacht seachtaine deis don fhile nó ealaíontóir roghnaithe tumadh i saol an oileáin, agus críochnóidh an tréimhse sin le saothar nua a dhéanfaidh freagairt ar stair, tírdhreach agus muintir Inis Bó Finne.
🎨 Ceardlanna Dátheangacha – An tOileán & An Mhórthír
Mar ullmhúchán don imeacht, agus ar an lá féin, reáchtálfar ceardlanna ealaíne dátheangacha atá oiriúnach don teaghlach ar an oileán agus ar an mhórthír. Beidh na saothair a chruthaítear sna ceardlanna seo le feiceáil ar Chosán Ealaíne an Oileáin, ag cothú ceangail agus comhoibrithe idir pobail.
🎶 Céilí Traidisiúnta i Halla an Oileáin
Ceiliúraigí fréamhacha ceoil an oileáin le céilí bríomhar traidisiúnta. Tiocfaidh ceoltóirí áitiúla agus aíonna le chéile chun rithimí Inis Bó Finne a thabhairt chun beatha, agus cuirfear fáilte roimh chách chun páirt a ghlacadh sa rince agus sa spraoi.
🤝 Comhpháirtíocht Phobail
Tá gach gné de Turas Úr cruthaithe i gcomhar le muintir Inis Bó Finne. Ó chúram na filíochta agus pleanáil na gceardlann go dtí scéalaíocht agus comhroinnt oidhreachta, tá guthanna an phobail ag croílár an imeachta.
Cén Fáth a bhfuil Sé Tábhachtach:
Is ceiliúradh é Turas Úr ar an nGaeilge agus ar fhéiniúlacht na Gaeltachta trí úsáid leanúnach na Gaeilge i ngach gné den imeacht — ón gclár ealaíne go rannpháirtíocht phobail. Is deis é chun traidisiúin na Gaeltachta a chaomhnú, a cheiliúradh agus a athshamhlú trí léiriú cruthaitheach chomhaimseartha. Mar pháirt do chlár Féile Ealaíne an Earagail, tarraingeoidh an t-imeacht seo turasóirí cultúrtha atá ag lorg eispéireas bhríomhar, bunaithe anseo sa Ghaeltacht
Ná caill an ceiliúradh tumthach, dílis seo ar chruthaitheacht, teanga agus saol an oileáin.
Join us for Turas Úr, a unique, bilingual arts and culture event that celebrates the rich traditions and vibrant creativity of the Gaeltacht. Taking place on the culturally significant island of Inis Bó Finne, this one-day event will showcase local talent and guest artists through a dynamic program of visual art, poetry, music, and community engagement—all rooted in the island’s language, heritage, and landscape.
Event Highlights:
🌿 Island Art Trail
Wander through an open-air gallery of temporary sculptures, soundscapes, and installations inspired by Inis Bó Finne’s natural beauty. Featuring artists from both the Gaeltacht and beyond, all works will follow a leave-no-trace approach, in harmony with the environment.
📖 Poetry Open Call & Performances
Three selected poets—local and national—will create original works inspired by the island, performed live during the event. Curated with input from the local community, the poetry program offers a platform for authentic storytelling and creative reflection.
🏡 Artist Residency
A week-long residency will allow a selected poet or artist to immerse themselves in island life, culminating in a new work that responds to the history, landscape, and people of Inis Bó Finne.
🎨 Bilingual Workshops – Island & Mainland
In the lead-up to the event, and on the day itself, family-friendly, bilingual arts workshops will be held both on the island and on the mainland. The resulting creations will be featured along the art trail, fostering connection and collaboration across communities.
🎶 Traditional Céilí at the Island Hall
Celebrate the island’s musical roots with a lively traditional céilí. Local and guest musicians will come together to bring the rhythms of Inis Bó Finne to life, inviting all to join in the dancing and joy.
🤝 Community Collaboration
Every element of Turas Úr is shaped in partnership with the people of Inis Bó Finne. From poetry curation and workshop planning to storytelling and heritage sharing, the event places community voices at its core.
Why It Matters:
Turas Úr champions the Irish language and Gaeltacht identity by integrating Gaeilge throughout the event—from artistic programming to community participation. It is an opportunity to preserve, celebrate, and reimagine Gaeltacht traditions through contemporary creative expression. Aligning with the broader Earagail Arts Festival, this event will also draw cultural tourists seeking meaningful, place-based experiences.
Don’t miss this immersive, heartfelt celebration of creativity, language, and island life.